Raidió Na Life
Sraith ceithre dhráma raidió le Gabriel Rosenstock ina bhfaighimid léargas iontach ar shaol an nuachtáin Ghaeilge Amanathar. Ag tarraingt óna thaithí féin agus an dá bhliain eachtrúla a chaith sé ag obair ar an nuachtán Anois, tugann Rosenstock isteach i saol an nuachtáin sinn agus feicimid na nithe go léir a bhíonn ag cur imní i gcónaí ar an bhfoireann – eagarfhocal na seachtaine, easpa foirne, spriocdhátaí, teannas i measc na foirne, agus, ar ndóigh, conas maoiniú a chinntiú don nuachtán.
Podchaser is the ultimate destination for podcast data, search, and discovery. Learn More