Sraith cláracha faisnéise ó léiritheoirí Thuairisc na Máirte a dhéanann cur síos ar dhul chun cinn na tíre seo le linn aimsir an rachmais agus ina diaidh. Breathnófar ar infheistíocht, infrastruchtúr agus tionscnaimh a cuireadh ar bun chun leasa an phobail le linn an ama sin. Pléifear leo sin ag cuimhneamh ar chinntí an rialtais agus riachtanais na tíre. Go téamúil, scrúdófar cé na tograí a bhí inmharthana an uair sin agus anois. Bígí linn, Eoin Ó Fearghail agus Liam Mac Amhlaigh, don tsraith nuálach seo gach Máirt ar a 7pm ar Raidió na Life 106.4fm ó Mháirt 23 Deireadh Fómhair 2012.
Podchaser is the ultimate destination for podcast data, search, and discovery. Learn More