Raidió Na Life
Samhlaigh Ollcheanaire an Spáis ina athbheochantóir Gaeilge! Sin go díreach atá sa tsraith nua drámaí raidió 'Is ait an mac an saol', a tháinig ó shamhlaíocht thorthúil an scríbhneora Emer Ní Rónáin. Is údar bróin don Ollcheannaire Vobara Jitma Dozak teangacha an spáis gan a bheith le cloisteáil níos mó agus beartaíonn sé teacht go hÉireann le Gaeilge a fhoghlaim agus a scaipeadh ar fud an spáis. Suite i bhfad sa todhchaí, tabharfar an t-éisteoir ar chamchuairt idir-réaltach agus Vobara sa tóir ar 'thaisceadán rúnda na Gaeilge'.
Podchaser is the ultimate destination for podcast data, search, and discovery. Learn More